UG Prospectus 2025
156 Cúig chúismhaithe leis an BAGnó agus Gaeilge a dhéanamh − Scileanna bainistíochta, gnó, ceannaireachta agus teicneolaíochta a fhorbairt − Feabhas a chur ar do chuidGaeilge, idir labhartha agus scríofa − Buntáiste breise a thabhairt duit féin trí staidéar a dhéanamh ar an ngnó agus ar an nGaeilge ar bhealach atá difriúil agus nua-aimseartha − Slí bheatha shuimiúil a aimsiú duit féin, bíodh tú ag obair leis an nGaeilge nó i réimse eile − Do chumas a léiriú trí thaithí oibre luachmhar a fháil agus trí phlean gnó de do chuid féin a chur le chéile faoi stiúir na léachtóirí Tú Féinmarmhac léinn An bhfuil túmuiníneach as do chumas Gaeilge idir labhairt agus scríobh? An bhfuil spéis agat i gcúrsaí gnó agus i dteicneolaíocht na faisnéise? Agus freisin an bhfuil tú airdeallach ar na buntáistí a bhaineann leis an dá réimse sin a nascadh le chéile? Cuirfidh Fiontar &Scoil na Gaeilge timpeallacht foghlama spreagúil, chomhaimseartha ar fáil duit agus forbróidh tú an cumas ceannaireachta atá ionat. Beidh tú ag iarraidh ról lárnach a imirt i saol na hOllscoile. Glacannmic léinn Fiontar &Scoil naGaeilge páirt ghníomhach i saol DCUagus bhí go leor acu páirteach cheana féin i gcláir ar nós ClárWashington-Éire, Clár Fulbright agus comórtais Fiontraíocht Éireann chomhmaith le comórtais agus sparántachtaí na hOllscoile féin. Riachtanais Bhreise Anuas ar ghnáthriachtanais iontrála na hOllscoile (féach lch 174), caithfidh túGrádO1Gnáthleibhéal nóH4 Ardleibhéal a bheith agat i nGaeilge. Saol: Gnó agus Gaeilge San earnáil ghnó tá gá le daoine cruthaitheacha spleodracha. Bíonn fostóirí ag lorg daoine a bhfuil ardchumas sa ghnó agus scileanna i dteicneolaíocht na faisnéise acu. Níl ansin ach leath an scéil, áfach. Bíonn géarghá acu freisin le daoine atá in ann smaoineamh agus oibriú taobh amuigh de na gnáthchleachtais, daoine atá in ann cumas bainistíochta agus tréithe ceannaireachta a léiriú. Déantar gnó iomláin an chúrsa uath uil soe tr i mh e an naGaeilge. Níl clár acadúil ar bith inchurtha leis seo a chuireann clár oibre chomhmaith sin ar fáil i gcúrsaí gnó agus bainistíochta, agus i dteicneolaíocht na faisnéise don ghnó agus é trí mheán na Gaeilge. Déantar staidéar ar an nGaeilge ar bhealach nuálach praiticiúil. Tacaíonn fostóirí go tréan leis an gcur chuige seo agus tá nasc cruthaithe ag an gclár le comhlachtaí agus le heagraismhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cinntíonn an nasc seo gombeidh buntáiste ar leith agat agus tú ag stiúradh do ghairmbheatha. Struchtúr anChláir Tá an clár seo bunaithe ar thrí phríomhréimse: − Gnó agus Bainistíocht − Teicneolaíocht na Faisnéise donGhnó − AnGhaeilge Chomhaimseartha Caithfidh tú Bliain 1 agus Bliain 2 ag forbairt na réimsí sin. Beidh deis agat ina dhiaidh sin bliain a chaitheamh ar chlár INTRA nó dul ar aghaidh go dtí an bhliain dheireanach. Gnóthóidh tú oideachas leathan acadúil agus praiticiúil atá in oiriúint don saol comhaimseartha gnó agus bainistíochta trí mhodúil cosúil le Bainistíocht Straitéiseach, Bainistíocht Tionscadal agus Bainistíocht Acmhainní Daonna. Beidh tuiscint agat ar chúrsaí cultúir agus forbróidh tú sárscileanna cumarsáide, chomhmaith le do chumas saGhaeilge idir labhairt agus scríobh. Rachaidh tú i dtaithí ar obair foirne agus beidh deis agat forbairt phearsanta a dhéanamh agus do shamhlaíocht a úsáid i gcomhthéacs cruthaitheach gnó. INTRAWork Placement Tabharfaidh an socrúchán oibre bliana deis iontach duit snas a chur ar do CV, cur le chuid infhostaitheachta, chomhmaith le do chuid eolais agus scileanna a chur i bhfeidhmsan ionad oibre. Rogha iomaíoch é agus britheann sé ar líon na socrúchán a bhíonn ar fáil. Chun teacht ar bhreis eolais faoi chlár INTRA, téigh chuig dcu.ie/intra Gaeilge an teanga teasgaisc ar an gcúrsa seo. BAGnó agus Gaeilge Gnó agus Gaeilge – Bí cruthaitheach agus iomaíoch
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy MzM0MzY=